le Méabh Ní Thuathaláin, 7Lá
Deir an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil sé "sásúil in aon chor’ an laghad cainteoirí Gaeilge atá ag obair i ranna rialtais an stáit.
In agallamh leis an gclár cúrsaí reatha, 7Lá, a craoladh ar TG4, dúirt Micheál Martin go raibh "níos mó le déanamh" chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a chur ag obair sna ranna rialtais.
"Gan amhras, ó thaobh na seirbhíse poiblí, cé go bhfuil na pleananna, an tAcht (Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021) agus an reachtaíocht ann, tá níos mó le déanamh againn chun níos mó daoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu a bheidh ag obair i ngach aon roinn, níl sé sin ann faoi láthair'', a dúirt an Taoiseach.
Dúirt an Taoiseach gur "dúshlán an-mhór" é meon státseirbhísí a athrú i leith na Gaeilge.
"Tá sé an-deacair, is dushlán an-mhór atá amach romhainn agus níl sé sásúil in aon chor, bím ag caint le Darragh Calleary agus le hAirí eile agus le rúnaithe ginéarlta na ranna, go gcaithfí níos mó measa a léiriú don Ghaeilge. I mo roinn féin, tá níos mó le déanamh againn.
"Is féidir liomsa óráid a dhéanamh trí Ghaeilge ach fós tá a fhios agam nach bhfuil an méid daoine againn atá líofa sa Ghaeilge ar chóir dúinn a bheith againn."
Dúirt Micheál Martin gur mheas sé go raibh borradh faoin teanga mar thoradh ar an Ghaeloideachas agus go raibh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge mar a bhí céad bliain ó shin. Dúirt sé áfach nach raibh an borradh céanna sin le feiceáil sa státseirbhís.
"Bíonn i bhfad níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge ó mo thaithí féin ach ag dul timpeall agus ag bualadh le daoine ach níl sé le feiscint go hiomlán sna státseirbhísí agus sin an deacracht atá againn," a dúirt sé.
Maidir leis an tseirbhís aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, dúirt an Taoiseach go raibh an rialtas "buartha" faoin imní agus fearg atá ar mhuintir an iarthuairscirt faoin athrú ar sceideal na seirbhíse, a fhágann nach mbeidh seirbhís am lóin ar fáil do dhaoine, othair ina measc.
Dúirt an Taoiseach nach raibh an darna rogha ann ach an conradh a shíniú le Emerald Airlines le cinntiú go mbeadh leanúnachas sa tseirbhís ann.
"Admhaím go bhfuil deacrachtaí go háirithe le daoine atá tinn agus daoine le hailse ag taisteal go Baile Átha Cliath agus deirtear nach bhfuil an sceideal oiriúnach. Má tá sé an-mhíshásúil ar fad caithfidh muid rud éigin a dhéanamh faoi ach an rud is deacra nach raibh ach aerlíne amháin a chur isteach ar an chonradh."
San agallamh a craoladh ar 7Lá ar TG4, labhair an Taoiseach faoi cheist na tithíochta, faoin ráiteas pleanála tithíochta atá geallta don Ghaeltacht, faoina chuairt oifigiúil go dtí na Stáit Aontaithe ar Lá Fhéile Pádraig agus faoina ceannaireacht ar Fhianna Fáil, páirtí atá céad bliain ar an fhód i mbliana.
Maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, dúirt an Taoiseach go mbeadh tuilleadh tacaíochtaí á gcur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina leith.
"Tá an chumhacht againn plean faoi leith a chur a i bhfeidhm maidir le muintir na Gaeltachta, admhaím go bhfuil deacrachtaí ann, go háirithe do dhaoine atá ag maireachtáil ann," a dúirt sé.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil "iomaíocht" ar leith ann sa Ghaeltacht maidir le tithe saoire sa Ghaeltacht a bhí ag cothú deacrachtaí do dhaoine agus go gcaithfí "tacaíocht" agus "comhar" a chur ar fáil anuas ar na scéimeanna atá ann faoi láthair.
Is féidir breathnú siar ar an chlár ar sheinnteoir TG4 : https://www.tg4.ie/ga/


