Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Daoine óga curtha i mbaol ag seirbhís meabhairshláinte'

18 FEABHRA 2026, 13:42

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar an tseirbhís meabhairshláinte a cuireadh ar fáil do 374 páiste i gCiarraí Thuaidh (Stoc-íomhá)
X Facebook

Deirtear i dtuarascáil nua neamhspleách go bhféadfadh sé go raibh 209 duine óg "i mbaol" mar gheall ar chleachtais áirithe sa tseirbhís meabhairshláinte a cuireadh ar fáil dóibh i limistéar Chiarraí Thuaidh.

Deirtear sa tuarascáil gur "baol mór" a bhí ann i gcás beirte; gur "baol measartha" a bhí ann i gcás 195 duine; agus gur "baol beag" a bhí ann i gcás an dáréag eile.

Baineann an scéal leis an athbhreithniú a rinneadh ar an tseirbhís meabhairshláinte a sholáthair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do 374 páiste a bhí cláraithe leis an tseirbhís i gCiarraí Thuaidh i mí na Samhna 2022.

Áirtítear leis na cleachtais a raibh na daoine óga i mbaol dá mbíthin cógais fhrithshíocóiseacha a oideasú go rómhinic; gan measúnú ná monatóireacht folláine coirp a dhéanamh orthu mar ba cheart: agus gan seirbhís síciteiripe a chur ar fáil dóibh sách minic.

Deirtear freisin nach bhfuil aon fhianaise ann gur cloíodh le nósanna imeachta caighdeánacha.

Ina cheann sin, tugtar le fios sa tuarascáil go raibh "ábhar imní" ag baint le hobair dhuine de chliniceoirí na seirbhíse.

Deirtear nach bhfuil an duine sin ag obair san earnáil leighis faoi láthair.

I mí Eanáir 2022, foilsíodh athbhreithniú ar an tseirbhís meabhairshláinte do dhaoine óga i limistéar Chiarraí Theas.

Dúradh sa tuarascáil sin go ndearnadh dochar suntasach do 46 páiste mar gheall ar an saghas cúraim a cuireadh ar fáil dóibh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ