Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tiománaí bus scoile maraithe i dtionóisc i gCo Ard Mhacha

18 FEABHRA 2026, 11:37

D'imigh an fheithicil den bhóthar idir an Baile Úr agus Camloch trathnóna inné
X Facebook

Maraíodh tiománaí bus scoile nuair a d'imigh an bus a bhí sé a thiomáint den bhóthar i ndeisceart Ard Mhacha tráthnóna inné. Bhí 40 dalta scoile ar an mbus ach níor gortaíodh aon duine acu.

Tuigtear gur bhásaigh an tiománaí ar an mball agus níl ráite ag na póilíní go dtí seo ach gur bás tobann a bhí ann.

Tharla an tionóisc ar Bhóthar Thulaigh Áithe idir an Baile Úr agus Camloch ag thart ar 3.30 inné.

Bhí an bus le Quinn Coaches ag tabhairt na ndaltaí abhaile ó Ardscoil Naomh Pól i mBéal Leice agus is ag dul i dtreo Chorr Leacht a bhí sí ag an am.

Dúirt príomhoide na scoile Dáithí Murray go mbeadh tacaíocht ar fáil do dhaltaí sa scoil inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ