Deir na Gardaí gur tugadh bean chun an ospidéil tar éis do mhadra í a ionsaí i Sligeach Dé hAoine seo caite.
Is in Ardán Iósaif i mbaile Shligigh a tharla an t-ionsaí.
Níl aon eolas tugtha ag na Gardaí faoi na gortuithe a bhain don bhean ná faoin mbail atá uirthi ó shin.
Deir Gardaí Shligigh freisin gur ghlac siad seilbh ar aon mhadra dhéag tar éis dóibh áitreabh ar an mbaile a chuardach Dé Domhnaigh seo caite.
D'ionsaigh ceann de na madraí duine de na Gardaí le linn an chuardaigh, áfach.
Lámhach agus ghortaigh comhalta d'aonad armtha na nGardaí an madra ar an bpointe.
Tá na hainmhithe ar fad curtha faoi chúram Mhaor Madraí Chomhairle Chontae Shligigh ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


