Protastúnaigh is ea breis agus 65% de na daoine a rinne iarratas ar phost i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann san fheachtas earcaíochta is deireanaí.
Beagán le cois 4,000 duine a chuir iarratas isteach roimh an spriocdháta an tseachtain seo caite.
Caitlicigh is ea 26% de na hiarratasóirí agus is ó phobail mhionlaigh 4.2% díobh. Níor tugadh aon eolas faoin gcuid eile.
De réir an daonáirimh is deireanaí ó thuaidh in 2021, Caitlicigh is ea 45.7% den daonra.
Tugadh eolas ginearálta inniu freisin faoi inscne agus faoi chlaonadh gnéis na n-iarratasóirí.
Fireannaigh is ea 63% díobh, baineannaigh is ea 36% díobh – agus is ón bpobal LADT 7% díobhsean.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


