Tá sé tugtha le fios ag an Aire Iompair Darragh O'Brien go bhfuil an Roinn Iompair i dteagmháil le Emerald Airlines faoin sceideal eitiltí seirbhíse poiblí idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Má táthar ag iarraidh athruithe a dhéanamh ar an sceideal, arsa an tAire O'Brien, ní mór don Roinn Iompair agus d'Emerald Airlines araon glacadh leo ós iad araon a shínigh an conradh seirbhíse poiblí.
Is i bhfreagra scríofa a thug sé ar cheist pharlaiminte ón Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin a thug an tAire an méid sin le fios.
Sa cheist a chuir an Dochartach ar an Aire, d'iarr sé tuilleadh eolais faoin athbhreithniú a gealladh a dheanfaí ar an tseirbhís eitilte chomh maith le heolas faoin gcumhacht atá ag an Aire féin athruithe a dhéanamh ar an sceideal.
Ina fhreagra, dúirt Darragh O'Brien go raibh aird tugtha aige ar an imní atá ar phobal Dhún na nGall faoi dheireadh a bheith á gcur le heitiltí am lóin faoin gconradh nua.
Thug sé le fios go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh ar bhearta eile lena chinntiú go ndéanfaí freastal mar ba cheart ar riachtanais paisinéirí agus lena chinntiú ag an am céanna go leanfaí leis an tseirbhís.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


