Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan dóthain deifir faoi údaráis áitiúla ag criosú talún do thithe

23 FEABHRA 2026, 15:18

X Facebook

Tá an tAire Tithíochta buartha nach bhfuil a dhóthain deifir faoi údaráis áitiúla ag criosú talún do thithe agus tá sé tar éis impí arís orthu gníomhú.

Tá litir seolta chuig na húdaráis ag an Aire James Browne agus ag an Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus don Phleanáil John Cummins ina ndeir na hAirí gur údar mór imní é nach bhfuil a ndóthain gabháil chun cinn déanta, agus é 7 mí ó cuireadh comhfhreagras chucu cheana.

Deir an Rialtas nach bhfuil ceann ar bith de chomhairlí contae agus comhairlí cathrach na tíre ag gníomhú sách tapaidh ag criosú suíomhanna tógála le sodar a chur faoi iarratais ar chead pleanála ar mhaithe leis an ngéarchéim tithíochta a mhaolú.

Deirtear sa litir go mbeidh Roinn an Taoisigh i dteagmháil leo go luath muna bhfeabhsaíonn siad agus go leagfar spriocdháta ar chomhairlí.

Tá an Rialtas ag tabhairt le fios go bhfuil údaráis ann atá ag criosú talún, ach nach bhfuil siad ag tabhairt faoi ach anseo is ansiúd, agus go bhfuil údaráis eile nach bhfuil tar éis aird ar bith a thabhairt ar an éileamh.

Tá urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin tar éis a rá nach bhfuil ar bun ach go bhfuil polasaí an Aire tar éis teipeadh agus go bhfuil sé ag iarraidh an locht a chur ar chuile dhream ach air féin.