Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Reachtaíocht á bhreithniú le cosc a chur ar bhladhmanna sacair

23 FEABHRA 2026, 18:03

Páirc Oirialla oíche Dé hAoine
X Facebook

Tá an maoiniú ar fad do pháirceanna uile-aimsire ag clubanna sacair Shraith na hÉireann curtha ar fionraí ag an Aire Spóirt i bhfianaise eachtra ar Pháirc Oirialla i nDún Dealgán oíche Dé hAoine inar caitheadh bladhmanna ar dhromchla saorga nua na páirce nach raibh ach díreach leagtha.

Gortaíodh buachaill 12 bliain d'aois agus rinneadh go leor damáiste don pháirc, a fuair maoiniú go leor ón Státchiste.

Cluiche sraithe a bhí ar bun ag Dún Dealgán in aghaidh na gcomharsan Droichead Átha Aontaithe.

51 lorg ruadhó ar fad atá le feiceál ar dhromchla saorga Pháirc Oirialla i nDún Dealgán inniu.

20 February 2026; A view of the damage to the pitch after the SSE Airtricity Men's Premier Division match between Dundalk and Drogheda United at Oriel Park in Dundalk, Louth. Photo by Ben McShane/Sportsfile
Páirc Oirialla inniu

Rinneadh damáiste freisin ag Stáisiún traénach Dhún Dealgán le linn scliúchais roimh an gcluiche idir lucht tacaíochta an dá thaobh.

Tá an maoiniú ar fad d'áiseanna úra uile-aimsire ag clubanna Shraith na hÉireann curtha ar fionraí ag an Aire Patrick O'Donovan - a bhí i láthair ag an gcluiche - go bhfaighfidh sé freagra sásúil a deir sé ón tSraith agus ón FAI.

Deir an tAire gur mhaith leis go gcuirfí cosc saoil ó chluichí ar dhuine a mbeadh baint aige lena leithéid d'eachtraí.

Tá an trioblóid i measc an tslua cáinte ag an dá chumann agus an dá chumann lucht tacaíochta agus dúirt siad go mbeadh siad ag co-oibriú leis na Gardaí agus le fiosrúchán an FAI.

Tá measúnú ar chostas an damáiste le déanamh ach meastar gur ar Dhún Dealgán a thitfis an costas.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900

' />