D'fhógair an Rialtas aréir nach rachfaí chun cinn leis an laghdú a bhí beartaithe acu a dhéanamh ar an líon cúntóirí riachtanas speisialta i mbeagnach 200 bunscoil ar fud na tíre an chéad scoilbhliain eile.
Fógraíodh freisin go gcuirfí €19 milliún breise ar fáil le haghaidh hacmhainní riachtanas speisialta i scoileanna i gcaitheamh 2026-27.
An tAire Oideachais Hildegarde Naughton agus an tAire Stáit a bhfuil cúraim oideachais speisialta air Michael Moynihan, is iad beirt a rinne an fógra aréir.
Ní dheachaigh an fógra i bhfeidhm ar an gceardchumann Fórsa, áfach, a dúirt gur fada ón gcneá an ceirín agus nach bhfuil ann ach an chúis a chur ar an méar fhada go ceann bliana.
Bhí conspóid tarraingthe ag cinneadh an Rialtais an líon cúntóirí riachtanas speisialta a laghdú i 194 bunscoil de réir a raibh ráite in athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ar acmhainní.
Chuir an cinneadh olc ar gach dream a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist – múinteoirí, tuismitheoirí agus ionadaithe na gcúntóirí féin – gan trácht ar pháirtithe an fhreasúra.
Ag labhairt dó ar RTÉ inniu, dúirt Andy Pike ó Fórsa cé gur dea-scéala a bhí san fhógra a rinne an Rialtas aréir nár chóir na ciorruithe a bheartú ar an gcéad ásc.
Thug sé le fios gur chreid sé go mbeifí ag dul chun cinn leis na léirsithe a bhí beartaithe ar fud na tíre amárach chun aird a tharraingt ar an gconspóid.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


