Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bálseomra Trump ceadaithe fad is nach ndamhsófar ar sheilide

24 FEABHRA 2026, 16:28

Ionad gailf Trump sa Dún Beag i gCo an Chláir, áit a bhfuil bálseomra nua le tógáil
X Facebook

Tá cead tugtha ag Comhairle Contae an Chláir bálseomra nua a thógáil ag mórionad gailf Donald Trump sa Dún Beag in iarthar an chontae sin ar chuntar go gcaomhnófaí gnáthóg an ghastrapóid neamhchoitianta, an seilide rinseach béalchaol.

Gnáthaíonn an seilide rinseach béalchaol (Vertigo angustior) na dumhcha sa Dún Beag agus dhíothófaí é dá ndéanfaí dochar suntasach don áit.

Mar sin féin, deirtear go bhfuil an seilide i mbaol cheana mar gheall ar chreimeadh an chósta agus athruithe eile ar éiceolaíocht na háite.

Tá sé i gceist ag lucht an chumainn ghailf bálseomra a mbeadh áit ann do 320 duine a thógáil ar an suíomh ach caithfidh siad plean bainistíochta maidir le caomhnú an tseilide a chur faoi bhráid na Comhairle Contae sular féidir tús a chur leis an obair thógála.

Bheifí ag súil go gcomhoibreodh an cumann gailf leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an plean bainistíochta á chur i bhfeidhm.

Dhá mhilliméadar ar a fhad atá Vertigo angustior – earra maith i mbeart beag – ar speiceas cosanta é de réir threoir an Aontais Eorpaigh.

Tá Cumann Lúthchleas Gael an Dúin Bhig i measc na ngrúpaí atá i bhfabhar an bálseomra nua a thógáil ar chúinsí eacnamaíochta.

1,240 méadar cearnach a bheas an bálseomra nua, é sin le hais an 8,360 méadar cearnach atá beartaithe ag Trump don bhálseomra nua atá le tógáil aige sa Teach Bán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ