Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Grúpaí éagsúla in éadan plean uisce a tharraingt as an tSionainn

25 FEABHRA 2026, 12:05

Abhantrach an Pháirtín i gCo Thiobraid Árann
X Facebook

Tá aighneachtaí curtha faoi bhráid an Choimisiúin Phleanála ag roinnt grúpaí i meániarthar na tíre ag cur in aghaidh plean Uisce Éireann 300 milliún líotar uisce sa ló a tharraingt as an tSionainn lena sholáthar do limistéir éagsúla, mórlimistéar Bhaile Átha Cliath ina measc.

Rinne Uisce Éireann iarratas ar chead pleanála le haghaidh an mhórthogra go gairid roimh an Nollaig.

Dá gceadófaí é, bheadh sé ar an togra ba mhó riamh dá leithéid ó bunaíodh an Stát.

Teastaíonn ó Uisce Éireann píblíne 170 ciliméadar ar a fhad a thógáil chun uisce ón tSionainn a sheachadadh ó Abhantrach an Pháirtín i gCo Thiobraid Árann go dtí lár agus oirthear na tíre, chomh maith le mórlimistéar Bhaile Átha Cliath.

Is ionann na 300 milliún líotar uisce atá i gceist agus 2% de shreabhadh laethúil na habhann.

€4.6 billiún a chosnódh an togra, de réir an mheastacháin atá curtha ar fáil ag Uisce Éireann, ach d'fhéadfadh an costas iomlán a bheith chomh hard le €10 mbilliún ar deireadh.

Na húdaráis áitiúla i dTiobraid Árann, i gCo an Chláir agus i Luimneach, chomh maith le comhghuaillíocht d'eagraíochtaí pobail sna háiteanna sin, tá siad ar fad ag cur in aghaidh an togra ar an mbonn, a deir siad, go gcuirfeadh sé isteach ar shreabhadh an uisce sa mheániarthar, go háirithe sa samhradh, agus go ndéanfadh sé dochar ollmhór éiceolaíochta do Loch Deirgeirt agus don tSionainn féin.

Tá droch-chaoi cheana ar an soláthar uisce i Luimneach cheana, dar leo, agus deir siad go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh in áiseanna cóireála fuíolluisce sa réigiún gan mhoill.

Creideann na heagraíochtaí pobail nach mbeadh aon ghá leis an togra dá ndeiseodh Uisce Éireann na poill atá sna píopaí i mBaile Átha Cliath.

Os a choinne sin ar fad, deir Uisce Éireann go bhfuil cúrsaí comhshaoil curtha san áireamh acu san iarratas pleanála.

Mar le poill a dheisiú, deir an comhlacht nach bhfuil ann ach cuid den réiteach ar fhadhb ollmhór.

Tá deireadh á chur leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí inniu agus tá an Coimisiúin Pleanála le cinneadh a dhéanamh ar an gceist faoi cheann bliana.

Má cheadaítear an togra, tá sé i gceist ag Uisce Éireann tús a chur leis in 2028 agus é a chríochnú cúig bliana ina dhiaidh sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ