Maraíodh beirt fhear óga agus gortaíodh go han-dona fear óg eile i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Dhún na na nGall go deireanach aréir.
Deir na Gardaí gur bhuail an gluaisteán ina raibh an triúr in éadan leoraí ar bhóthar an R236 i mBaile Suingean in oirthuaisceart Dhún na nGall ag thart ar 11.15 aréir.
Maraíodh duine de na fir óga ar an mball agus bhásaigh an dara fear ina dhiaidh sin in Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire.
Tá an tríú duine faoi dhianchúram in Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste.
Tuigtear nár gortaíodh aon duine eile sa timpiste.
Paisinéirí sa ghluaisteán a bhí sa bheirt a maraíodh agus is sna mórdhéaga a bhí siad.
Is iad na Gardaí i Leitir Ceanainn atá ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar idir 10.45 agus 11.45 aréir teacht chun cainte leo, go háirithe má tá ábhar físe acu ó cheamara deaise.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


