Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Monatóireacht neamhdhleathach déanta ar iriseoir i mBéal Feirste

25 FEABHRA 2026, 15:51

An t-iriseoir Vincent Kearney i Londain inniu
X Facebook

Chruthaigh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann próifíl mhionsonraithe de dhintiúir phearsanta agus phroifisiúnta an iriseora Vincent Kearney, sonraí faoina bhean chéile agus máthair a chéile san áireamh, a dúradh ag éisteacht faoin gcúis ag binse fiosrúcháin i Londain inniu.

Cuid d'fheachtas fada, leanúnach agus neamhdhleathach a bhí sa mhonatóireacht a rinne seirbhísí faisnéise na Breataine ar Vincent Kearney idir 2006 agus 2014, a dúradh.

Bhí Vincent Kearney ag obair don BBC i mBéal Feirste ag an am agus tá sé ag obair do RTÉ sa chathair sin ó 2019.

Dúirt dlíodóirí an BBC ag an éisteacht inniu go mba iad seirbhís póilíneachta an Tuaiscirt, MI5 agus gníomhaireachtaí nach iad a bhí freagrach as an spiaireacht.

Tá sé admhaithe cheana ag póilíní an Tuaiscirt, MI5 agus póilíní Londan go raibh an mhonatóireacht a rinne siad ar an iriseoir neamhdhleathach.

Sa chás atá tugtha aige in aghaidh na seirbhísí faisnéise sin, líomhnaíonn Vincent Kearney gur theastaigh uathu fáil amach cé na foinsí a bhí aige maidir le scéalta nuachta áirithe.

Conas an cás a réiteach an cúram atá ar an mbinse fiosrúcháin i Londain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ