Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú 20% ar chustaiméirí leictreachais atá i riaráiste

27 FEABHRA 2026, 10:48

14% de chustaiméirí na gcomhlachtaí leictreachais a bhí i riaráiste mí na Nollag seo caite – An Coimisiún um Rialáil Fóntais
X Facebook

Tháinig ardú de bhreis agus 20% in imeacht bliana ar an líon daoine nach raibh in acmhainn a mbillí leictreachais a íoc – teannadh le 320,000 duine mí na Nollag seo caite i gcomparáid le 265,000 duine mí na Nollag an bhliain roimhe sin.

De réir na bhfigiúirí ís deireanaí ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais, ba shuntasaí agus ba thréine an t-ardú idir an dá mhí dheireanacha de 2025 ná aon dá mhí eile, tráth ar ardú de 5% – nó 50,000 duine – a bhí i gceist.

Is 14% de chustaiméirí uile na gcomhlachtaí éagsúla leictreachais a bhí i bhfiacha mí na Nollag seo caite, chomh maith le 26% de chustaiméirí na gcomhlachtaí gáis.

Tá ardú as cuimse tagtha ar na costais a bhaineann le gás agus leictreachas a sholáthar don phobal i ngach aon tír ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ceithre bliana ó shin.

Urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty, bhuail sé an milleán faoi chruachás an phobail ar an Rialtas.

Cén dóigh nach mbeadh tuilleadh daoine i riaráiste, arsa sé, tar éis don Rialtas deireadh a chur le creidmheasanna fuinnimh?

Ina cheann sin, a dúirt an Dochartach, ligtear réim leis na comhlachtaí fuinnimh sa tír seo agus tá sé thar am ag an Rialtas, dar leis, iad a thabhairt chun cuntais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ