Is i siopa i mBaile Uí Fhiacháin i gCo Mhaigh Eo a díoladh an ticéad pota óir is deireanaí sa Chrannchur Náisiúnta.
Tigh Kelly ar Bhóthar na Mala Raithní a ceannaíodh an píosa páipéir a bhfuil luach €11 milliún air.
Siopa Mace is ea Tigh Kelly ar cuid é de stáisiún seirbhísí Circle K agus atá suite ar Bhealach Mór an Iarthair, raon turasóireachta a mbíonn na táinte ag triall air i gcaitheamh an tsamhraidh.
Lá an chrannchuir féin, arú inné, a ceannaíodh an ticéad Quick Pick agus tá an t-amhantar éilithe cheana ag an mbuaiteoir.
Dúirt úinéir an tsiopa Michael Kelly go raibh an-spionnadh ar mhuintir Bhaile Uí Fhiacháin ó tháinig an dea-scéala.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


