Tá sé fógartha ag an gcomhlacht cógaisíochta as na Stáit Aontaithe, Viatris, go bhfuil siad chun an t-ionad déantúsaíochta atá acu in iarthar Bhaile Átha Cliath a dhúnadh i gceann dhá bhliain.
Thart ar 340 duine atá ag obair san ionad déantúsaíochta i mBaile Dama agus is cosúil go ligfear a mbunáite chun siúil.
Thug urlabhraí Viatris le fios go dtosófaí ag cur deireadh leis an déantúsaíocht sa mhonarcha de réir a chéile i dtús 2028 agus go raibh súil acu an áit a dhúnadh faoi earr na bliana sin.
Dúradh go rachfaí i gcomhairle leis an bhfoireann faoi shocruithe iomarcaíochta agus gealladh gur 'socruithe cuimsitheacha' a bheadh iontu.
Cógais chineálacha a dhéantar i mBaile Dama agus meastar gurb é an t-ardú leanúnach ar chostais is ciall don chomhlacht an áit a dhúnadh.
D''fhéadfadh cuid den fhoireann dul ag obair in ionaid eile atá ag Viatris i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.
Tá tuairim is 700 duine ag obair sna hionaid sin cheana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


