Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

17,112 duine gan dídean an mhí seo caite

27 FEABHRA 2026, 16:47

Éireannaigh ab ea 50% de na daoine fásta a bhí gan dídean sa Stát an mhí seo caite
X Facebook

Bhí 17,112 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite – méadú de 378 ón mí roimhe sin agus an líon is mó a taifeadadh riamh – de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta.

11,793 duine fásta agus 5,319 páiste a bhí i gceist.

Mar leis na daoine fásta sin, Éireannaigh ab ea 5,897 díobh, sin 50%.

3,572 eile, tuairim is 30%, ba as tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad.

An 2,324 eile, sin 20%, ba as tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, nó as an mBreatain.

Idir 25 agus 44 bliain d'aois a bhí 52% de na daoine fásta ar fad agus is i réigiún Bhaile Átha Cliath a bhí 70% díobh ag cur fúthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ