Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Muintir as Éirinn le tabhairt abhaile as an Meánoirthear

04 MÁRTA 2026, 12:28

Aefort Idirnáisiúnta Dubai, 2 Márta 2026
X Facebook

Tá 280 saoránach de chuid na hÉireann le tabhairt ar ais chun na tíre seo as Óman ar eitleán atá cairtfhostaithe ag an Rialtas chuige sin.

Is de bharr eitiltí as tíortha éagsúla sa Mheánoirthear a bheith curtha ar ceal i bhfianaise na corraíle sa réigiún atá an Rialtas ag teacht i gcabhair ar an muintir as Éirinn.

Tá bunáite aerspás an réigiúin dúnta le nach mór cúig lá.

Thar 'na laethanta amach romhainn' ní dúradh cén uair go baileach a d'fhágfadh an cairteitleán Óman.

Tugadh le fios freisin go dtabharfaí tús áite ar an eitleán do dhaoine a bhfuil cúnamh uathu go práinneach agus a bhfuil riachtanais faoi leith acu.

Ina cheann sin, dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éireannaigh eile le tabhairt abhaile as Dubai tráthnóna inniu ar eitleán leis an aerlíne Emirates.

Daoine iad seo ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal an deireadh seachtaine seo caite.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee gur "cor dearfach sa scéal é" agus thug le fios go raibh an Roinn agus an aerlíne ag obair as lámha a chéile.

Meastar go dtiocfaidh an t-eitleán go hAefort Bhaile Átha Cliath go gairid tar éis 10 a chlog anocht.

Áirítear go bhfuil 25,000 saoránach de chuid na hÉireann sa Mheánoirthear faoi láthair agus tá sé tugtha le fios ag 2,000 acu go dtí seo go dteastaíonn uathu imeacht as an réigiún.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ