Tuairiscítear go bhfuil ruathar ollmhór á thabhairt ag fórsaí míleata Iosrael ar bhonneagar na hIaráine arís inniu, an cúigiú lá as a chéile.
I ráiteas, mhaigh na hIosraelaigh gur ar bhonneagar míleata na hIaráine atá a gcuid buamaí dírithe – lena n-áirítear ionaid lainseála diúracán agus córais chosanta aeir – ach níl aon lua ar an mbonneagar sibhialta atá á rúscadh acu freisin.
Is amhlaidh atá an scéal sa Liobáin, mar ar scrios diúracáin na nIosraelach óstán sa phríomhchathair, Béiriút, agus árais chónaithe i nGleann na Liobáine in oirthear na tíre. Tuairiscítear roinnt daoine a bheith maraithe sa dá ionsaí sin, ní dúradh cé mhéad.
Tá ordú tugtha ag arm Iosrael don phobal i sé shráidbhaile dhéag i ndeisceart na Liobáine bailiú leo mar gur gearr, a deir siad, go dtósóidh siad ag tuairgneáil na n-áiteanna sin.
Is le dúil Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis, a chur faoi chois a deir na hIosraelaigh atá siad ag déanamh lot tíre ann. Tá Hezbollah ag scaoileadh roicéad uathu le tuaisceart Iosrael le roinnt laethanta.
Tá saighdiúirí na hÉireann i measc na saighdiúirí idirnáisiúnta atá ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.
Mar leis an Iaráin, tá ceannasaí fhórsaí Mheiriceá sa Mhéanoirthear ag déanamh gaisce faoina fheabhas atá a chuid saighdiúirí – 50,000 acu – ag cur orduithe i bhfeidhm.
Mhaígh an tAimiréal Brad Cooper go bhfuil cumas míleata na hIaráine á spíonadh diaidh ar ndiaidh agus gur ag dul i neart atá cumas comhraic na Meiriceánach sa réigiún. Tá tuilleadh saighdiúirí agus trealaimh ar an mbealach, a dúirt sé.
Tá córais chosanta aeir na hIaráine i ndáil le bheith scriosta, arsa an tAimiréal, agus níl cabhlach na tíre in ann aon long a chur faoi sheol ó cuireadh seacht soitheach déag dá gcuid go tóin le ceithre lá.
I dtaca leis na daoine atá á gcur den saol ag na buamaí, níl mórán á rá.
Dúirt na húdaráis san Iaráin inné gur maraíodh 787 duine ón Satharn, 165 cailín scoile ina measc.
Tá na hIaránaigh ag leanúint den bhuamáil atá siad féin a dhéanamh ar thíortha comharsanachta, tíortha Arabacha a bhfuil bunáiteanna móra míleata ag na Meiriceánaigh iontu agus ina bhfuil na mílte saoránach de chuid na hÉireann ina gcónaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


