Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Coicís príosúin gearrtha ar Martina agus Ammi Burke

04 MÁRTA 2026, 15:32

Ammi agus Martina Burke (Pic: Collins)
X Facebook

D'ordaigh an Ard-Chúirt máthair agus deirfiúr an mhúinteora Enoch Burke a ghabháil agus a chur i bpríosún go gceann coicíse faoi dhíspeagadh cúirte.

Dúirt an Breitheamh Brian Cregan gur mhithid deireadh a chur le habhlóireacht Martina agus Ammi Burke agus thug le fios go mba é mí-iompar na beirte ag éisteacht den chúirt an mhí seo caite buille na tubaiste.

Chuir siad isteach ar imeachtaí na cúirte lena screadaíl agus lena mbéicíl, arsa sé, agus b'éigean do na Gardaí iad a thabhairt amach as an áit.

Dúirt an breitheamh chomh maith gur léir dó faoin tráth seo nach n-éistfeadh na Búrcaigh le réasún agus go mba é idé-eolaíocht an chreidimh a bhí acu, go mba é a bhí á spreagadh le neamhshuim a dhéanamh de dhlí na tíre.

Baineann an dlí sin leis na Búrcaigh chomh maith le gach saoránach eile, arsa sé, glacadh siad leis nó ná glacadh.

Daonlathas is ea Stát na hÉireann, a dúirt an Breitheamh Cregan, seachas dialathas faoi cheannas mhuintir Burke.

Thug sé le fios go raibh scóid ligthe leis an teaghlach sin go dtí seo ach nach raibh an chóir leo níos mó.

Ina cheann sin ar fad, d'fhógair an breitheamh go raibh rún aige cosc a chur ar Martina agus Ammi Burke teacht i láthair na cúirte feasta – iad féin agus duine eile den chlann mhac, Isaac Burke.

Is ar nasc físe amháin a thabharfaí éisteacht dóibh, a dúirt sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ