Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Scoil náisiúnta i gCo Chill Dara dúnta ar chúinsí sábháilteachta

04 MÁRTA 2026, 18:33

Scoil Naomh Pádraig i gCill Droichid
X Facebook

Tá bunscoil mhór i gCo Chill Dara dúnta go sealadach ar chúinsí sábháilteachta.

I dteachtaireacht a seoladh chuig na tuismitheoirí inniu, dúirt bord bainistíochta Scoil Naomh Pádraig i gCill Droichid go ndearnadh an cinneadh an áit a dhúnadh i bhfianaise ar tháinig chun solais in dhá athbhreithniú a rinneadh le gairid ar shábháilteacht dóiteáin agus ar chaighdeán na bhfoirgeamh ansin.

Tarraingt ar 400 dalta atá i Scoil Naomh Pádraig.

Sláinte agus leas na bpáistí ba mó ba chás dóibh, a dúirt an bord bainistíochta, agus an cinneadh á dhéanamh acu.

Níor tharla aon tubaiste, a dúradh, is ar eagla na heagla atá an scoil á dhúnadh.

Tugadh le fios go rachfaí i ngleic leis na lochtanna ar tarraingíodh aird orthu sa dá athbhreithniú a fhad is a bheadh an scoil dúnta.

Tá tuismitheoirí agus ionadaithe áitiúla míshásta, áfach, go mbeidh na daltaí fágtha gan teagasc foirmiúil idir dhá linn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ