Tar éis bháis san ospidéal tá fear sna tríochaidí a gortaíodh go dona nuair a bhuail gluaisteán é i gCo Chiarraí i dtús na seachtaine. Níor stop an gluaisteán ar láthair na tubaiste agus tá na Gardaí sa tóir ar an tiománaí ó shin.
Bhuail an carr an fear agus é ag siúl an bhealaigh i dTiobraid Mhór, Ard Fheart, i dtuaisceart Chiarraí ag thart ar 9.20 oíche Dé Luain.
Tugadh an fear go hOspidéal na hOllscoile, Ciarraí i dTrá Lí, áit ar éag sé ar maidin inniu.
Aon duine a bhí ag tiomáint i gceantar Thiobraid Mhór idir 7.30 agus 9.30 tráthnóna Dé Luain, tá na Gardaí ag iarraidh orthu teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Is iad na Gardaí i dTrá Lí atá ag fiosrú na tubaiste.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


