Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

'Rún ag Iosrael múr a dhéanamh de bhonneagar na hIaráine'

05 MÁRTA 2026, 16:04

Cuid den damáiste atá déanta ag an mbuamáil d'árais chónaithe i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 5 Márta 2026
X Facebook

Dála gach lá eile le cúig lá, tá na scuadrúin ó aerfhórsa Iosrael ag scaoileadh uathu na mollta diúracán ó mhoch na maidine le príomhchathair na hIaráine, Tehran, le dúil bonneagar "réimeas sceimhlitheoireachta na hIaráine" a scriosadh, mar a deir Rialtas Iosrael.

Ní foláir nó gur geall leis na healtaí badhbh na scuadrúin chéanna – Badhbh féin ar a gceann – don duine mar chách ar an talamh a bhfuil gach aon ní ina thimpeall á mhúradh ag meáchan agus tréanphléascadh na mbuamaí.

Is é an dála céanna é míle míle siar ó Tehran i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, mar ar thug na hIosraelaigh amas mór diúracán ar chomharsanachtaí a deir siad atá faoina smacht ag lucht Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis.

Thug na hIosraelaigh le fios freisin go bhfuil an Iaráin fós ag diúracadh roicéad agus drón le bailte in Iosrael agus dúirt go bhfuil siad "ag dul i ngleic leo".

Is cosúil nach bhfuil cuid mhór de na diúracáin sin ag baint marc amach agus é d'acmhainn ag fórsaí Iosrael an chumhacht a bhaint astu nó a gcur malairt treo.

People gather amid the debris of a destroyed building following airstrikes in Beirut's
Deisceart Bhéiriút, 5 Márta 2026

Tá na hIaránaigh ag teilgean buamaí le tíortha comharsanachta freisin agus is ar limistéar na gCoirdíneach in oirthuaisceart na hIaráice a bhí ceann de na sailbhí is deireanaí dírithe.

Tá pobal mór Coirdíneach ar an taobh thall den teorainn in iarthuaisceart na hIaráine chomh maith, ar cuid é de chríocha stairiúla na Cordastáine.

Is tréatúir iad na Coirdínigh, más ea, i súile lucht an réimis in Tehran as cearta náisiúnta dá gcuid féin a éileamh agus as dul i bpáirt leis an namhaid chuige sin.

A plume of smoke rises over buildings in Doha on March 5,
Bhuail diúracán on Iaráin lár Doha, príomhchathair Chatar, 5 Márta 2026

I Murascaill na Peirse, deir fórsaí na hIaráine gur bhuail ceann dá ndiúracáin tancaer ola leis na Stáit Aontaithe amach ó Chuáit. Tuairiscítear go bhfuil ola ag sceitheadh go tréan as an tancaer, ag dúchan agus ag truailliú an uisce timpeall uirthi.

Níos faide ó dheas, deir na hIaránaigh go bhfuil Caolas Hormuz dúnta acu. Is mór an chúis é os tríd an muinceann uisce sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain gach aon lá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />