Tá imní ar chomhlachtaí príobháideacha bus faoina bhfuil i ndán dóibh agus praghas breosla ag ardú as miosúr ón Satharn seo caite i bhfianaise na corraíola sa Mheánoirthear, ardú de thart ar 15% le trí lá féin.
Tá praghas díosail ardaithe ó €1.64 go €1.88 an lítear ón Luan agus tá súil le Dia ag lucht na mbus, a deir siad, nach chomh hard le €2 – nó os a chionn sin – a bheas sé faoi dheireadh na seachtaine.
Urlabhaí na gcomhlachtaí bus, Brendan Crowley, d'iarr sé ar an Rialtas teacht i gcabhair orthu le seirbhísí riachtanacha a choinneáil sa siúl ar an gceann caol de, díreach mar a rinneadh cheana i dtús an chogaidh san Úcráin, arsa sé.
Léithéidí seirbhísí bus scoile agus seirbhísí bus áitiúil, ní féidir gan iad a sholáthar, a dúirt sé, agus mhol an t-athrú a thagann ar phraghas breosla a chur san áireamh feasta i gconarthaí le haghaidh seirbhísí mar iad.
Cuimhnigh air seo freisin, arsa Brendan Crowley, gearrtar cánacha arda cheana ar bhreosla agus tá an Rialtas ag fáil 5.5 cent breise i gcáin bhreisluacha as gach lítear ó thús na seachtaine.
Ó thaobh an Rialtais de, thug an tAire Fiontar Peter Burke le fios go bhfuil imní air nach bhfuil an t-ardú ar phraghas breosla sa tír seo ag teacht leis an ardú ar na margaí idirnáisiúnta.
Dhearbhaigh sé go mbeadh cruinniú aige le hionadaithe ón tionscal breosla in Éirinn an tseachtain seo chugainn leis an gceist a chíoradh.
I nDáil Éireann tráthnóna inniu, cháin an freasúra "na harduithe as compás" atá soláthraithe a dhéanamh ar phraghsanna.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go raibh tuairiscí faighte ag an Rialtas go rabhthas "ag feannadh" na ndaoine in áiteanna sa tír.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


