Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fáilte roimh fhorbairt san fhiosrúchán faoi bhás Liam Farrell

06 MÁRTA 2026, 11:59

X Facebook

Tá fáílte curtha ag mac le Liam Farrell roimh an scéala aréir ar Prime Time RTÉ, go ndéanfar díadhlacadh ar chorp an fhir scothaosta mar chuid den bhfiosrúchán faoina bhás.

Thángthas ar chorp Liam Farrell, 87 mbliana d'aois taobh amuigh dá theach i Rúscaigh i gCo. Liatroma sé bhliana ó shin agus é basctha agus clúdaithe le fuil.

An Fhoireann Athbhreithnithe Tromchoireanna (SCRT) a dhéanfaidh an díadhlacadh, agus tá súíl go ndéanfaidh an Paiteolaí Stáit Linda Mulligan scrúdú iarbháis as an bpíosa.

Tar éis chlár Prime Time faoi bhás an fhir Liam Farrell, d'ordaigh Coimisinéir an Garda Síochána Justin Kelly go ndéanfadh an SCRT an cás a athbhreithniú.

Fear é Liam Farrell a bhí ina chónaí ina aonar agus mar ba ghnách dó, thug cuairt ar dhá theach ósta ar an mbaile oíche Dé Sathairn an 12 Eanáir 2020.

Tráthnóna Domhnaigh, an lá dar gcionn, tháinig a íníon ar a chorp ina chnap ag doras cúil an tí. Bhí a stocaí agus brógaí bainte de, bhí a uaireadóír briste agus bhain gortuithe dá shúil chlé agus dá chosa.

Nuair a tháinig Gardaí ag an teach, dhún siad an láthair, agus thosaigh foireann dlíeolaíoch ag bailiú fhianaise. Chuir Gardaí ansin comhad faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí. Níor ordaíodh fiosrúchán de bhun an chomhaid, agus ba é toradh an scrúdaithe iarbháis é gur taom croí a thug bhás Liam Farrell. Níos deireanaí, thug ionchuisne breithiúnas oscailte ar an gcás.

Níor ghlac baill de mhuintir Farrell riamh leis gur taom croí amháin a thug bás Liam, agus bhí amhras orthu faoin tríú páirtí bheith bainteach leis.

Dúirt an paiteolaí a rinne an scrúdú iarbháis leis an ionchuisne nár insíodh dó go raibh an corp tógtha ó láthair a raibh amhras faoi. Dá mbeadh sé ar an eolas faoi seo, a dúirt sé, dhiúltódh sé an scrúdú iarbháis agus bheadh ag éileamh go bhfágfaí faoi phaiteolaí dlíeolaíoch é.

Rinne an Paiteolaí Stáit Linda Mulligan athbhreithniú ar an scrúdú iarbháis agus dúirt go raibh údar imní sa phátrún gortuithe ar éadan agus ar lámha Liam Farrell, agus go bhféadfadh sé gur gortuithe de bharr iarracht é fhéin a chosaint a bhí iontu.

Dúirt siad nach raibh na gortuithe i gcomhréir le titim de bharr thaon croí, ná i gcomhréir le hionsaí.

Ach dúirt sí nárbh fhéidir é a chur as an áireamh, bunaithe ar an gcéad scrúdú iarbháis agus na grianghafanna a cuireadh ar fáil di, go raibh baint ag duine eile lena bhás

Tá feachtas ar bun ag muintir Liam Farrell an fiosrúchán faoina bhás a athoscailt.

Agus tuigtear do Prime Time gur labhair an Fhoireann Athbhreithnithe Tromchoireanna (AFAT) le roinnt daoine i gceantar Rúscaigh le gairid.

Tá iarrtha as Brendan Farrell, mac Liam, ar aon duine le heolas faoin deireadh seachtaine sin a macnamh a dhéanamh agus labhairt le AFAT

Tá an teaghlach buíoch, a deir siad don Aire Jim O'Callaghan agus don Choimisinéir Kelly as an bhfiosrúchán a athoscailt.