Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cairteitilt Rialtais ó Ómán go hÉirinn tráthnóna

06 MÁRTA 2026, 12:16

Aerfort Ómán
X Facebook

Tá súíl go bhfágfaidh an chéad chairteitilt rialtais le hÉireannaigh atá sáinnithe sa Mheán Oirthear a thabhairt abhaile, Ómán le dul go Baile Átha Cliath tráthnóna.

Tuigtear nach féidir am imeachta na heitilte a dheimhniú de bharr na ndúshlán ar an talamh thall de bharr an chogaidh.

Deir an DAA go bhfuil srianta ar an aerspás ag leanúint agus ag cur as d'eitiltí idir Éirinn agus an Mheán Oirthear.

Cheana féin inniu, tá 12 as na 14 eitilt as Éirinn curtha ar ceal ag na haerlínte, ina measc na seirbhísí ar fad chuig Doha agus Abu Dhabi.

Eitilt amháin de chuid Emirates chuig Dubai agus eitilt amháin as Dubai an t-aon dá cheann a bhfuil súil leo inniu, mar a bhí inné agus Dé Céadaoin. 350 paisinéir a bheidh ar bord, má bhíonn an eitilt sin lán.

Is beag duine a bheidh ar an eitilt amach, mar is le haghaidh an t-eitleán a thabhairt go Dubai leis an turas fillte atá an turas amach á dhéanamh.

Is é comhairle an DAA le paisinéirí go gcuirfear as do sceidil na n-aerlínte sna laethanta atá romhainn amach agus mar coinneáil i dteagmháil rialta leis na haerlínte faoi stadas na n-eitiltí.#