Tá praghas na hola tite de bheagán ó mhaidin ach tá breis is 15% d'ardú tagtha mar sin féin ar an mbreosla, costas nár facthas ó lár 2022, agus an soláthar ag laghdú de bharr ghearradh siar lucht táirgeadh agus de bharr mhoill ar loingeas mar thoradh ar ionsaí Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin.
Shroich bairille amh-ola Brent $108.20 ar maidin - $15.51 nó 16.7% d'ardú - ceann de na harduithe is mó riamh thar oíche.
Roimh an sodar sin ar an bpraghas bhí Brent tar éis ardú 27% an tseachtain seo caite.

Tá Airí Airgeadais an AE le casadh le chéile sa mBruiséil amach sa lá leis an ardú ollmhór a phlé.
Le seachtain tá ardú aisteach tagtha ar phraghas ola tí i nÉirinn agus tá peitreal agus díosal ag ardú go tréan anois freisin agus tomhaltóirí ag iarraidh cúnamh Rialtais.
Níor fachthas ardú chomh tréan ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin 4 bliana ó shin, an uair dheireanach ar sáraíodh $100 an bairille.
Tá €833 anois á ghearradh ar 500 lítear ola tí, nuair a bhí €500 á ghearradh air 10 lá ó shin.
Tá stáisiúin breosla anois ag gearradh os cionn €1.80 ar lítear peitril agus beagnach €2 ar lítear díosail.
30% d'ardú ar phraghas an gháis
Tá an margadh gáis freisin ina chíor thuathail de bharr na cogaíochta san MeánOirthear.
D'ardaigh praghas ghás nádúrtha TTF na hÍsealtíre - tagarmharc na hEorpa - os cionn €69.50 ar maidin, breis is 30% d'ardú, sular mhaolaigh sé de bheagán.
Mar sin féin, níl sé fós baileach chomh daor is a bhí nuair a thosaigh an cogadh san Úcráin.
Tá mórchuid tíortha sa nEoraip ag brath go mór i gcónaí ar ola agus ar ghás ó Mhurascaill na Peirse, agus tá na margaí domhanda an-imníoch agus ionsaí Iosrael agus na Stát Aontaithe tar éis Caolas Hormuz a dhúnadh, an bealach mara atá ag an gcúigiú cuid de sholáthar ola na cruinne.

Tá an tSín agus tíortha eile na hÁise go háirithe thíos leis an gCaolas a bheith dúnta.
Gan an deis sin ann le ola a onnmhairiú tá an Iaráic agus an Chúáit cheana féin tar éis gearradh siar ar tháirgeadh ola, gan dóthain stórais ar fáil acu a deir siad leis an mbreosla a choinneáil, agus meastar nach fada go mbeidh an Arab Shádach iad féin ag gearradh siar.
Meastar go mbeidh tomhaltóirí agus lucht gnó go domhanda ag íoc go daor ar a gcuid breosla as seo go ceann roinnt mhaith míonna, fiú má churtar deireadh go luath leis an gcogaíocht, mar gheall ar shaoráidí atá scriosta, moill ar sholáthar, agus contúirt níos mó do loingeas.


