Lean ionsaithe na Stát Aontaithe agus Iosrael inniu an 10ú lá as a chéile ar an Iaráin agus d'fhreagair an tír sin, ag ionsaí Iosrael chomh maith le spriocanna i dtíortha na Murascaille.
Breis is seachtain ó maraíodh Oll-Cheannasaí na tíre an Ayatollah Ali Khamenei in ionsaí aeir ar Tehran tá na húdaráis tar éis a chomharba, a mhac Mojtaba Khamenei atá 56 bliain d'aois, a dheimhniú agus a inshealbhú.
Tá Iosrael i gcomhar le fórsaí Mheiriceá tar éis an tír a bhualadh arís thar oíche agus iad ag díriú a deir siad "ar an gceantar lár-tíre ina bhfuil ionaid ceannais agus suíomhanna seoladh diúracán".
Deir Arm Iosrael go bhfuil siad tar éis ceanncheathrú AerFhórsa na hIaráine a scriosadh.
D'fhreagair an Iaráin le 3 mhaidhm drón agus diúracán ar Iosrael chomh maith le ionsaithe ar spriocanna de chuid Arm Mheiriceá sa réigiún agus ar bhonneagar agus ar shaoráidí ola sa Chúáit, Catar, an Araib Shádach agus ar Ríocht na nÉimíríochtaí.
hIonsaíodh an Tuirc freisin agus an tír sin ag fógairt gur caitheadh dhá dhiúracán leis an taobh thoir den tír ach gur chuir "fórsaí cosanta NATO" na diúracáin ó mhaith.
Tá Meiriceá ag moladh do fhoireann nach bhfuil riachtanach an chonsalacht atá ag Washington in aice le bunáit airm ar imeall chathair Adana i ndeisceart na tíre a fhágáil agus táthar ag moladh do shaoránaigh de chuid na Stát Aontaithe oirdheisceart na Tuirce tré chéile a thréigean.
Sa Liobáin tá Iosrael tar éis comharsanacht Ghobiery sa bpríomhchathair Beirut a ionsaí.
Deir Hezbollah go bhfuil siad tar éis cath a bheith acu in oirthear na Liobáine le díorma saighdiúirí agus ingearáin de chuid Arm Iosrael a bhí "ag teacht thar teorainn anoir as an tSiria".
Agus tá tuairisc foilsithe ag Human Rights Watch ag léiriú fianaise gur bhain Iosrael leas as an nimh fosfar bán i gceantair ina bhfuil cónaí ar dhaoine i ndeisceart na Liobáine an tseachtain seo caite.


