Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean marbh, fear i mbaol báis i dtimpiste bóthair i Sligeach

09 MÁRTA 2026, 17:14

Ceathrar a bhí sa gcarr ar an nGreallach i gCaisle Geala
X Facebook

Tá bean maraithe agus fear i mbaol báis de bharr timpiste bóthair ina raibh aon charr amháin i gCo Shligigh thar oíche.

Ar an N15 a tharla an tubaiste ar an nGreallach i gCaisle Geala thart ar 3.30 ar maidin.

Tuairim is 50 a bhí an bhean, paisinéir sa gcarr, a maraíodh ar an toirt.

Tugadh fear atá thart ar 50 freisin, paisinéir eile, chuig Ospidéal na hOllscoile Sligeach agus drochbhail air.

Sna 20í atá an tiománaí. Tugadh eisean agus buachaill sna déaga, an tríú paisinéir, go dtí an t-ospidéal chomh maith ach níl ceachtar acu gortaithe go dona.

Tá scrúdú dlí-eolaíoch críochnaithe anois ag meitheal teicniúil na nGardaí agus tá an bóthar ar oscailt an athuair.

Tá fios curtha ar an gcróinéir agus tá scrúdú iarbháis le cur ar chorp na mná i marbhlann an ospidéil.

Tá na Gardaí ag iarraidh labhairt le duine ar bith a bhí ar an mbóthar idir Cliafuine agus an Tulachán aréir idir 3.10 agus 3.40, go háirithe le duine ar bith a bhfuil daischeamara acu, agus iarrtar ar dhaoine glaoch ar Bheairic Shligigh ar 071 915 7000 nó ar líne rúnda na nGardaí 1800 666 111.