Tá oifigigh ón Roinn Iompair i mbun comhráite le Emerald Airlines faoin bplean atá ag an aerlíne an sceideal eitiltí seirbhíse poiblí as Aerfort Dhún na nGall a athrú ag deireadh na míosa seo.
Tá imní ar othair a théann go hospidéil i mBaile Átha Cliath go rialta, áfach, go mbeidh siadsan thíos leis nuair a athrófar an sceideal ar an 29 Márta.
Tá sé ráite ag oifigigh ón Roinn Iompair le bainistíocht Aerfort Dhún na nGall go bhfuil an scéal á phlé acu le Emerald Airlines le súil a chinntiú go ndéanfar freastal mar is ceart ar riachtanais paisinéirí nuair a chuirfear na hathruithe i bhfeidhm.
Tá bainistíocht an aerfoirt iad féin an-mhíshásta lena bhfuil beartaithe ag Emerald Airlines, go háirithe an plean atá ag an aerlíne deireadh a chur le heitiltí san iarnóin agus gan eitleáin a choinneáil san aerfort i gcaitheamh na hoíche.
Nil aon chiall leis an bplean eitleáin a theacht as Aerfort Bhaile Átha Cliath agus a dhul ar ais ann san oíche, dar leo.
Ná déan nós agus ná bris nós an mana atá ag an mbainistíocht ó bhí rath go dtí seo ar an sceideal atá ann faoi láthair, a deir siad.
Meastar go dtiocfaidh deireadh leis na comhráite idir oifigigh na Roinne Iompair agus Emerald Airlines faoi cheann coicíse agus tuigtear go gcuirfidh na hoifigigh moltaí réitigh faoi bhráid an Aire Darragh O'Brien go gairid ina dhiaidh sin.
An mhí seo caite, dúirt an tAire O'Brien go gcaithfeadh an Roinn Iompair agus Emerald Airlines araon a bheith sásta leis an sceideal nua ós iad araon a shínigh an conradh seirbhíse poiblí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


