Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Luach $5.6 billiún d'airm scaoilte ag Meiriceá leis an Iaráin'

10 MÁRTA 2026, 18:22

Príomhchathair na hIaráine, Tehran, 10 Márta 2026
X Facebook

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil tuilleadh ionsaithe buamála déanta ag aerfhórsa na Stát Aontaithe agus ag aerfhórsa Iosrael ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran.

Dar leis na húdaráis san Iaráin gur ionsaíodh freisin aerfort i ndeisceart na hIaráine agus go ndearnadh damáiste do bhonneagar na háite agus d'aerárthaí ann.

Rinneadh mór-ruarthar ar aerfort eile in oirdheisceart na hIaráine inné agus thug cabhlach Mheiriceá le fios go raibh leathchéad soitheach de chuid chabhlach na hIaráine curtha go tóin acu le deich lá.

Mar sholaoid eile ar thréanchumas míleata na Meiriceánach, mhaígh an tUachtarán Donald Trump gur luach $5.6 billún d'airm a bhí caite ag fórsaí Mheiriceá san fheachtas in aghaidh na hIaráine ón 28 Feabhra.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Meiriceá agus ag Iosrael go dteastaíonn uathu bonneagar na hIaráine a scriosadh – bonneagar míleata, nó bonneagar sibhialta, nó an dá rud, ní léir.

Pé acu é, tá ag éirí leis an dá chomhghuaillí sa mhéid sin más fíor dá bhfuil á thuairisciú ag Cumann an Chorráin Dheirg.

Deir ionadaithe an charthanais san Iaráin go ndearnadh damáiste do 19,000 aonad sibhialtach ó thosaigh an bhuamáil, ar aonaid chónaithe 16,000 acu agus ar aonaid tráchtála na 3,000 eile.

Rinneadh damáiste freisin, dar le lucht an Chorráin Dheirg, do 77 ionad cógaisíochta agus leighis, chomh maith le 69 scoil.

Smoke billows from the site of an Israeli air strike in the southern suburbs of the Lebanese capital
Béiriút, 10 Márta 2026

Deir Rialtas na Liobáine go bhfuil 570 duine maraithe ag fórsaí Iosrael sa tír sin agus go bhfuil 760,000 duine curtha as a mbailte ó chuir na hIosraelaigh cogadh ar an tír as an nua ocht lá ó shin.

Tuigtear go bhfuil ceathrar taidhleoirí ón Iaráin i measc na marbh sa Liobáin.

Tá na hIaránaigh iad féin ag scaoileadh na sailbhí drón agus diúracán le hIosrael i gcónaí agus mhaígh siad inniu gur bhuail dróin dá gcuid dhá ionad míleata in Haifa.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ