Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Fabht bogearra ba chúis le billí forarda' – BSL

10 MÁRTA 2026, 17:13

Billí leictreachais gan dealramh faighte ag roinnt custaiméirí ón Aoine seo caite
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil an comhlacht fós ag iarraidh fabht bogearra a réiteach ar imigh méadair leictreachais ó smacht dá bharr.

Fuair roinnt custaiméirí billí arda nach raibh aon dealramh leo, cuid acu chomh hard le €5,000 as aon lá amháin.

Dúirt Bord Soláthair an Leictreachais gur nuashonrú a rinneadh ar bhogearra Dé hAoine seo caite ba shiocair leis an tuaiplis.

Ba nuashonrú a rinne foireann an chomhlachta in aon turas a bhí ann, seachas nuashonrú a rinne an córas as féin, a dúradh.

Dúirt an comhlacht go raibh athbhreithniú á dhéanamh acu ar ar tharla lena chinntiú nach dtarlódh sé arís.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ