Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar leanbh

11 MÁRTA 2026, 16:41

Cuireadh an fear siar faoi choinneáil agus tabharfar é os comhair na Cúirte Dúiche arís i gceann seachtaine
X Facebook

Tugadh fear 27 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar leanbh i dtuaisceart na cathrach an mhí seo caite.

Níl cead ainm an fhir a fhoilsiú ar chúinsí dlí.

Tá an fear cúisthe in ionsaí gnéasach a dhéanamh ar chailín agus í amuigh ag súgradh le cara léi ar an 15 Feabhra.

Tá sé cúisithe freisin i gceadúnas bréige de chuid na Portaingéile a bheith ina sheilbh aige.

Is de bhunadh na Brasaíle an fear a tháinig go hÉirinn ón mBreatain dhá bhliain ó shin.

Dúradh sa chúirt go raibh sé ag obair mar sheachadóir Deliveroo go dtí gur ligeadh chun siúil é coicís ó shin.

Dúradh freisin nach bhfuil aon 'stádas inimirce' ag an bhfear sa Stát seo.

Thug Garda le fios sa chúirt nach ndúirt an fear aon ní nuair a cúisíodh é sna coireanna ar maidin inniu, ach tugadh le fios ina dhiaidh sin féin go ndúirt sé nach ndearna sé dada as bealach.

Dhiúltaigh an Breitheamh Michele Finan iarratas an chúisí ar bhannaí, chuir sí siar faoi choinneáil é i bPríosún Chnoc na Seamar agus d'ordaigh é a thabhairt os comhair na cúirte arís seachtain ó inniu.

Ceadaíodh saorchúnamh dlí don chúisí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ