Buamáladh go trom agus go fairsing arís eile i gcaitheamh na hoíche príomhchathair na hIaráine, Tehran, agus príomhchathair na Liobáine, Béiriút, de réir tuairiscí ón dá áit.
Inniu an dara lá dhéag ag fórsaí Mheiriceá agus fórsaí Iosrael i gcomhar le chéile Tehran agus áiteanna eile san Iaráin a thuargaint le dúil, a deir siad, bonneagar na tíre sin a leacú agus an rialtas ansin a threascairt.
Is iad na hIosraelaigh astu féin atá freagrach as an scrios sa Liobáin agus rún acu, a deir siad, an ruaig a chur ar Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis.
Ní sa dá thír sin amháin atá an bhuamáil agus an marú ar siúl. Scaoil na hIaránaigh tuilleadh diúracán agus drón le tíortha comharsanachta i ngach treo aréir, lena n-áirítear Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Bairéin, Catar, agus an Iaráic – tíortha ina bhfuil bunáiteanna míleata ag Meiriceá.
Tá na frasa diúracán á scaoileadh ag na hIaránaigh le hIosrael chomh maith, áit a bhfuil na mílte daoine tar éis dul ar foscadh in ionaid faoi thalamh. Níl sé soiléir, más ea, ar bhain aon cheann de na diúracáin ceann riain amach.
Tá an t-ionsaí buamála a rinneadh ar bhunscoil do chailíní san Iaráin an tseachtain seo caite cáinte ag Príomh-Aire na hIodáile Giorgia Meloni.
Maraíodh os cionn 150 cailín óg san ionsaí agus dúirt Giorgia Meloni gur chóir pé dream a bhí freagrach as a thabhairt chun cuntais.
Glactar leis gurb iad na Meiriceánaigh nó na hIosraelaigh a rinne an t-ionsaí ach tá an milleán curtha ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar na hIaránaigh iad féin.
Mar le rún sin Mheiriceá agus Iosrael réimeas na hIaráine a threascairt, ní cosúil go bhfuil mórán gluaiseachta faoi ó tá na húdaráis ag teacht roimh aon ghrúpaí frithrialtais a mbeadh sé ar intinn acu teacht le chéile chuige sin.
Tá Gardaí na Réabhlóide ar fuireachas agus a ngunnaí cocáilte acu, a deirtear, ar eagla go leomhfadh aon dream cur ina n-aghaidh.
Ina cheann sin, tá na hIaránaigh ag bagairt bonneagar eacnamaíochta agus baincéireachta Mheiriceá sa Mheánoirthear a ionsaí in éiric ionsaí a deir siad a rinneadh ar bhanc san Iaráin.
Tá an chorraíl ag dul i gcion ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain agus dhaoirsigh praghas ola arís ar na margaí idirnáisiúnta ar maidin inniu.
5.1% d'ardú a bhí ann agus $92.23 a bhí ar bhairille amhola Brent ag tráth amháin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


