Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Leanbh óg maraithe i dtubaiste gluaisteáin i mBaile Átha Cliath

11 MÁRTA 2026, 18:19

Láthair na tubaiste in Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais i bhFionnghlas
X Facebook

Tar éis bháis san ospidéal tráthnóna tá buachaill trí bliana d'aois a gortaíodh go han-dona nuair a bhuail gluaisteán é i gcarrchlós in ionad siopadóireachta i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Tharla an tubaiste sa charrchlós in Ionad Siopadóireachta Bhaile Shéarlais i bhFionnghlas ag thart ar 8.40 ar maidin.

Tugadh an buachaill go dtí Ospidéal na Leanaí Shráid Temple, áit ar bhásaigh tráthnóna.

Tá láthair na tubaiste caomhnaithe ag na Gardaí agus tá scrúdú teicniúil á dhéanamh acu ar an áit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ