Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ollruathar eile á dhéanamh ag fórsaí Iosrael ar an Iaráin

12 MÁRTA 2026, 10:51

Lorg na buamála i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, 12 Márta 2026
X Facebook

Tá sé fógartha ag fórsaí míleata Iosrael go bhfuil ollruathar eile buamála á dhéanamh acu ó mhaidin ar ionaid ar fud na hIaráine.

Tá fórsaí Iosrael agus fórsaí Mheiriceá araon, i gcomhar agus astu féin, ag smísteáil na hIaráine le gach sórt pléascáin dá bhfuil ina mbuamalón acu le trí lá dhéag.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh roinnt daoine sa Liobáin – ochtar acu sa phríomhchathair, Béiriút – nuair a theilg scairdeitleáin na nIosraelach diúracáin le hionaid éagsúla sa tír sin.

I dtaca leis na hIaránaigh féin de, tá sailbhí drón á scaoileadh acu le tíortha comharsanachta i gcónaí.

Cé nach mbearnaíonn ach an corrcheann acu na córais chosanta, is mór an díobháil a dhéanann siad.

Tuairiscítear go deimhin gur bhuail roinnt drón ón Iaráin ionaid i mBairéin agus in Óman ar maidin agus gur chuir ceann eile acu poll mór i mbloc árasán in Dubai.

A plume of smoke rises after a reported Iranian strike on fuel tanks in Muharraq
Ionad breosla i mBairéin trí thine, 12 Márta 2026

Buaileadh freisin dhá thancaer ola amach ó chósta na hIaráice chomh maith le lastlong gar d'Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i Murascaill na Peirse, ach ní léir fós cé a bhí freagrach as na hionsaithe sin.

Dhaoirsigh praghas ola ar na margaí idirnáisiúnta arís ar maidin inniu mar gheall ar an gcorraíl ar fad.

Os cionn $100 a bhí ar bhairille amhola Brent ag tráth amháin ach tá sé saoirsithe beagán ó shin.

É sin in ainneoin an chinnidh a rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh inné 400 milliún bairille ola óna stoc cúltaca a chur ar an margadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ