Tá ceardchumainn san earnáil sláinte an-imníoch, a deir siad, faoina bhfuil leagtha amach ag an Rialtas maidir le feidhm a bhaint as Intleacht Shaorga sa chóras sláinte poiblí san am le teacht.
Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, Fórsa agus SIPTU, deir siad go gcaithfear dul i gcomhairle leis na hoibrithe sula ndéanfar Intleacht Shaorga a chomhtháthú leis an gcóras atá ann faoi láthair.
Arú inné, sheol an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill stratéis an Rialtais i dtaca le hIntleacht Shaorga san earnáil sláinte agus cúraim.
Deirtear sa straitéis go rachaidh Intleacht Shaorga chun sochair do chách, idir othair agus oibrithe; go scaoilfidh sé snaidhmeanna nárbh fhurasta a scaoileadh roimhe seo; go gcuirfidh sé dlús le diagnóisiu, go háirithe diagnóisiú cruinn; go maolóidh sé trangáil na n-ospidéal; agus go n-éadromóidh sé ualach riaracháin altraí agus dochtúirí.
Dá fheabhas é sin ar fad, a deir na ceardchumainn, ba cheart don Rialtas an straitéis a cheadú leis na hoibrithe sular cuireadh i dtoll a chéile é.
Ina cheann sin, a deir siad, ní mór a chinntiú go mbeidh an líon cuí daonnaithe ar dualgas san áit a mbainfear feidhm as Intleacht Shaorga.
Ní mór a chinntiú freisin, dar leo, gur ag an duine a bheas an chumhacht i gcónaí seachas ag bogearra ríomhaireachta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


