Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ocht mbliana príosúin gearrtha ar dhochtúir as banaltra a éigniú

13 MÁRTA 2026, 18:52

Ocht mbliana príosúin gearrtha ar an Dr Louay Kila as banaltra a éigniú
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i Luimneach, gearradh ocht mbliana príosúin ar dhochtúir a d'éignigh altra agus í ina luí agus ina codladh ar tholg in áit chónaithe cara léi dhá bhliain ó shin.

Ciontaíodh an Dr Louay Kila an tseachtain seo caite tar éis dó pléadáil neamhchiontach in éigniú na mná agus in ionsaí gnéasach a dhéanamh uirthi in árasán i gcathair Luimnigh ar an 2 Márta 2024.

Cláraitheoir sinsearach in Ospidéal Ollscoile Luimnigh a bhí ann ag an am agus bhí an bhanaltra ag obair san ospidéal céanna.

Dúradh sa triail gur éignigh sé an bhean agus cé gur impigh sí air stopadh gur lean sé air.

31 bliain d'aois atá Louay Kila, arb as Maracó ó dhúchas é agus a raibh cónaí air i gCois Luachra, Tuar an Daill, i Luimneach.

I ráiteas a eisíodh i ndiaidh don ghiúiré é a chiontú an tseachtain seo caite, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh aiféala orthu nár chuir siad an dochtúir ar fionraí nuair a tháinig an scéal chun solais a chéaduair.

Ina ráiteas féin, d'fhógair an fulangaí gur ceartas a bhí uaithi agus gur ceartas a fuair sí.

Dúirt sí freisin go raibh súil aici go misneodh an breithiúnas ina cás féin mná eile le daoine mar Louay Kila a thabhairt chun cuntais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ