Léiríonn tástáil a rinneadh ar eala a fuarthas marbh in oirthear Chorcaí go raibh fliú na n-éan air.
Tá sé sin dearbhaithe ag an Roinn Talamhaíochta agus thug siad le fios freisin gur cuireadh ar an eolas iad maidir le líon suntasach ealaí atá tar éis bháis.
Déardaoin seo caite fuarthas tréad ealaí marbh ar thalamh príobháideach cóngarach do Bhaile na Martra i gCorcaigh.
Tuigtear go raibh 11 eala marbh ann.
Tá Comhairle Chontae Chorcaí agus an Roinn Talamhaíochta ag obair as lámha a chéile.


