Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Naoi mbliana príosúin gearrtha ar fhear faoi fhear óg a mharú

16 MÁRTA 2026, 15:19

Bhí Jordan Ronan 20 bliain d'aois nuair a maraíodh é i dTamhlacht ar an 26 Iúil 2024
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh naoi mbliana príosúin ar fhear 37 bliain d'aois a d'admhaigh gur sháigh sé agus gur mharaigh sé fear óg i mBaile Átha Cliath ag teannadh le dhá bhliain ó shin.

Ciontaíodh Patrick Murphy sa chúirt cheana i ndúnorgain seachas i ndúnmharú Jordan Ronan, a bhí 20 bliain d'aois, ar an 26 Iúil 2024.

Mhaígh Patrick Murphy as Paráid Dhroim Cairn i dTamhlacht go raibh sé ag cosaint a theaghlaigh agus a mhaoine nuair a mharaigh sé Jordan Ronan.

Dúradh sa triail gur bhris an fear óg isteach i veain Patrick Murphy agus i ngluaisteán pháirtí Patrick Murphy taobh amuigh dá dteach cónaithe i dtráthanna beaga na maidine.

Tháinig Patrick Murphy amach as an teach agus sháigh sé Jordan Ronan sa chliabhrach.

Theith Jordan Ronan ach thit sé as a sheasamh agus gan ach achar gairid curtha de aige.

Tugadh chun an ospidéil é, áit ar bhásaigh sé go luath ina dhiaidh sin.

Dúradh nár chuir Patrick Murphy fios ar na seirbhísí éigeandála ag aon am.

Seacht n-uaire an chloig agus 40 nóiméad a chaith na giúróirí ag cíoradh na cúise agus ag déanamh a marana air.

Ar deireadh, cé gur i ndúnmharú a cúisíodh Patrick Murphy is i ndúnorgain a chiontaigh siad é.

Is deich mbliana príosúin a ghearr an Breitheamh Kerida Naidoo ar an gciontach ach chuir sé an bhliain dheireanach ar fionraí.

Taobh amuigh den chúirt, dúirt athair Jordan Ronan, Stephen Packenham, nár ghlac a theaghlach leis gur dúnorgain thar dhúnmharú a bhí ann agus thug sé le fios freiisn gur chreid an teaghlach nár leor mar phionós an téarma príosúin deich mbliana.

Dúradh sa chúirt inniu gur ciontaíodh Patrick Murphy sna cúirteanna 31 uair cheana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ