Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin in uachtar i gcruinniú an Tí Bháin

17 MÁRTA 2026, 17:21

X Facebook

Ionsaí na Stát Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin a tharraing an chuid is mó den aird i rith chruinniú an Taoisigh leis an Uachtarán Trump sa Teach Bán tráthnóna.

Bhíothas ag tuar go bhféadfadh seasamh na hÉireann agus na hEorpa faoin gcogadh sin an cruinniú bliantúíl seo idir cheannairí an dá thír a chuir dá threoir, ach ní mar sin a tharla sa deireadh.

Thosaigh an ócáid amach go cairdiúíl agus an tUachtarán Trump ag rá go gur onóir a bhí ann dó féin fáilte chuig an Teach Bán a fhearadh roimh Micheál Martin, agus dúirt freisin go ndéanfadh sé a dhícheall freastal ar chomórtas Gailf Oscailte an hÉireann mí Mheán Fhómhair. Ag ionad gailf Trump ar na Dún Beag i gCo. an Chláir a bheidh an comórtas ar bun.

Ach níor thóg sé i bhfad ar na hiriseoirí baile a bhí cruinithe san Oifig Ubhchruthach iompú ar pholaitíocht Washington agus ar an gcogadh go háirithe.

Chosain Trump an cogadh á rá go mbeadh cogadh núicleach tosaithe ag an Iaráin mura mbeadh an t-ionsaí míleata a thionscnaigh sé.

Stát bradach a thug an Taoiseach ar an Iaráin agus dúirt gurb é seasamh na hÉireann go gcaithfear clabhsúr síochánta a chur leis an aighneas.

Dúirt Micheál Martin go raibh trua ag Éireannaigh do mhuintir na hIaráine, mar a bhí i gcás mhuintir na hÚcráine freisin. Mar fhreagra air sin, dúirt an tUachtarán Trump gur 'chuidigh muid leis an Úcráin ach ní chuidíonn siad leis an Íaráin, in ainneoin gurb í an tír 'is measa o bhí Hitler ann'.

Ba léir nach raibh a fhios ag Donald Trump gur bean atá anois ina hUachtarán ar Éirinn: nuair a cuireadh ceist air faoin Uachtarán Connolly a thug cogadh mídhlteathach ar ionsaí Mheiriceá ar an Iaráin, dúirt sé go raibh 'an t-ádh air gur ann dom'.

Mura mbeadh stop curtha leis an Iaráin, bheadh arm núicleach forbartha acu faoi seo.

Rinneadh caint freisin ar an Eoraip agus ceist na hinimirce. De bhunadh na hEorpa é féin a dúirt an t-uachtarán, ach dúirt sé go raibh athrú as éadan curtha ag an inimirce ar an Eoraip, agus gur botún a bhí ann.

Ach thug Micheál Martin freagra air a rá gur áit an-mhaith í an Eoraip le dul ag cónaí ann agus go raibh rialacha cothroma ach téagartha leis an inimirce a rialáil, agus nach raibh an mhór-roinn plúchta dá bharr.

Bhí daonra na hÉireann ag fás a dúirt sé, ach ar bhealach dearfach mar go raibh an geilleagar ag forbairt agus ag mealladh daoine le teacht ag obair ann.

Ba bhreá leis an Taoiseachc, a dúirt sé, cosán dleathach a fhorbairt d'oibrithe bheith in ann dul idir an dá thír, mar nach bhfuil aon duine i bhfábhar na hinimirce mídhleathaí.

Thug an tUachtarán Trump fogha faoi Keir Starmer, Príomh-Aire na Breataine, á rá go raibh 'na milliúin' scaoilte isteach sa tír aige, go raibh acmhainní nádúrtha nach raibh siad a úsáid agus nár thug sé tacaíocht dó san fheachtas míleata in aghaidh na hIaráine.

Ach chosain an Taoiseach an Príomh-Aire. Dúirt sé gur caidreamh fíorthábhachtach é an caidreah idir Éirinn agus an Bhreatain agus gur fhéach Starmer leis an gcaidreamh sin a chur ar ais ina cheart.

Ar an iomlán, ní dheachaigh an cruinniú ó smacht, agus cé gur pléadh an t-ionsaí ar an Iaráin agus cúrsaí inimirce, níor cháin nó ní dhearna an tUachtarán Trump beagán den Stát seo ná dá Thaoiseach.