Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear gafa faoi mharú fir i gcathair Chorcaí

18 MÁRTA 2026, 12:50

Bhásaigh an fear ina árasán ar Ché Uí Chearúill i gcathair Chorcaí an Luan seo caite
X Facebook

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí i gcathair Chorcaí maidir le marú fir 31 bliain d'aois a sádh ansin tráthnóna Dé Luain seo caite.

Tuigtear gur sádh an fear i siopa nó gar do shiopa i gceantar Chearnóg an Chnapaigh i dtuaisceart na cathrach.

Chuaigh sé ar ais chuig a árasán ar Ché Uí Chearúill ach fuair sé bás ansin go gairid ina dhiaidh sin.

Ba de bhunadh na hÚcráine an fear agus bhí sé ina chónaí in Éirinn ó bhí sé ina pháiste.

Níl ráite faoin bhfear a gabhadh inniu ach go bhfuil sé á cheistiú i stáisiún Gardaí i gcathair Chorcaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ