Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ollruathar á dhéanamh as an nua ag Iosrael ar an Liobáin

18 MÁRTA 2026, 12:34

Siodón i ndeisceart na Liobáine tar éis na buamála is deireanaí, 18 Márta 2026
X Facebook

Tá áiteanna éagsúla sa Liobáin á mbuamáil go tréan an athuair ó mhaidin ag fórsaí míleata Iosrael agus tuairiscítear scrios a bheith déanta i lár agus ar cholbha theas na príomhchathrach, Béiriút, agus i ndeisceart na tíre, lena n-áirítear cathair Shiodón.

Leacaíodh foirgneamh ilstórach i gceantar tráchtála Bhéiriút sa ruathar is deireanaí.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt nuair a scaoil fórsaí míleata na hIaráine sailbhe cnuasbhuamaí le cathair Tel Aviv in Iosrael.

Scaiptear cnuasbhuamaí as soc diúracáin sula mbuaileann sé an talamh ach ní phléascann siad ar fad ar an toirt. Is laethanta, míonna nó blianta ina dhiaidh sin a phléascann cuid acu agus fágann sin go mbíonn daoine i gcontúirt ar feadh na faide.

Bhagair na hIaránaigh go n-imreoidís díoltas ar Iosrael as ceannasaí slándála na hIaráine Ali Larijani a mharú arú inné.

Mharaigh na hIosraelaigh freisin ó shin aire faisnéise na hIaráine Esmail Khatib.

Police and first responders work at a scene where an apartment was damaged
Lorg na buamála in Tel Aviv, Iosrael, 18 Márta 2026

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil dróin phléascacha á scaoileadh as éadan i gcónaí ag na hIaránaigh le hionaid in Dubai, i gCatar, i gCuáit, san Iaráic, i mBairéin agus san Araib Shádach.

Deir fórsaí míleata Mheiriceá gur ionsaigh siadsan ionaid lainseála diúracán leis an Iaráin ar chósta theas na tíre sin gar do Chaolas Hormuz.

Tá tábhacht eacnamaíochta thar na bearta ag baint leis an gcoigéal sin ós tríd a sheachadtar sciar suntasach de sholáthairí ola agus gáis an domhain.

Is é praghas amhola Brent – agus a luaineacht le coicís go leith – an tslat tomhais atá ag lucht na margaí airgeadais agus iad ag meas staid eacnamaíochta an domhain.

$100.50 a bhí ar bhairille Brent go moch ar maidin inniu, titim de 2.82% ó inné.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ