Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cás in aghaidh Gerry Adams: tús le hargóintí clabhsúir

18 MÁRTA 2026, 19:41

Gerry Adams taobh amuigh Ardchúirt Shasana i Londain
X Facebook

In Ardchúirt Shasana i Londain, dúirt iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams gur "baineadh an anáil de" nuair a chuala sé faoin ionsaí buamála rinne an tIRA ar Cheantar na nDuganna i Londain mí Feabhra 1996 agus mhaígh sé go raibh an baol ann go gcuirfeadh an t-ionsaí deireadh le comhráite síochána sa Tuaisceart.

Mar a bhí an scéal, chuir an bhuamáil deireadh le sos comhraic an IRA a bhí i bhfeidhm le beagnach bliain go leith roimhe sin.

Tá triúr fear ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh Gerry Adams faoi thrí mhórionsaí buamála a rinne an tIRA i Sasana sna 1970idí agus sna 1990idí, an t-ionsaí úd i Londain i 1996 ina measc.

Líomhnaíonn an triúr gur ball den IRA a bhí in Gerry Adams ag an am, líomhain atá sé a shéanadh go láidir.

Is iad an triúr atá i gceist John Clark a gortaíodh i mbuamáil an Old Bailey i Londain ar an 8 Márta 1973; Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Cheantar na nDuganna ar an 9 Feabhra 1996; agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Mhanchain ar an 15 Meitheamh 1996.

Agus é ag tabhairt fianaise sa chúirt den dara lá as a chéile, dúirt Gerry Adams cé gur dhiúltaigh ionadaithe Rialtas na Breataine cruinniú a bheith acu le Sinn Féin tar éis na buamála go ndeachaigh an dá thaobh i gceann comhráite síochána as an nua, ach de réir a chéile, go gairid ina dhiaidh sin.

Fiafraíodh de Gerry Adams "dá mbeadh aon rud ar eolas aige roimh ré faoina raibh beartaithe ag an IRA an mbeadh aon rud déanta aige faoi".

D'fhreagair Gerry Adams agus dúirt gur ceist hiptéiseach a bhí ann "mar nach raibh a fhios aige dada faoi".

Ceistíodh é freisin faoi nóta inmheánach ó Rialtas na Breataine i 1993 ina ndúradh gur chreid Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine ag an am, Michael Howard, go raibh Gerry Adams ar dhuine d'ardcheannairí an IRA.

Dúirt Gerry Adams nárbh fhíor sin agus mhaígh sé gur chun dul óna bhfreagracht féin maidir leis an bpróiseas síochána a thug Rialtas na Breataine "sceimhlitheoir" air.

Cuireadh tús leis na hargóintí clabhsúir sa chás tráthnóna agus leanfar leo amárach.

Mar is iondúil i gcásanna sibhialta, níl aon ghiúiré ann agus is é an Breitheamh Jonathan Swift a thabharfaidh an breithiúnas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ