Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Conspóid tarraingthe ag flóta míchuibhiúil san iarthar

18 MÁRTA 2026, 20:10

Chuir an taispéantas a bhí ar an bhflóta alltacht ar an bpobal i mBaile an Róba
X Facebook

Tá conspóid mhór agus déistin an phobail tarraingthe ag ceann de na flótaí a bhí páirteach i bparáid na Féile Pádraig i mBaile an Róba i gCo Mhaigh Eo inné.

Chuir an taispeántas a bhí ar an bhflóta alltacht ar an bpobal áitiúil agus ar dhaoine go leor ar fud na tíre ó tarraingíodh aird air ar na meáin shóisialta.

Bhain an flóta le Jeffrey Epstein, an ciontóir gnéis as Meiriceá nach maireann.

Tarracóir agus leantóir a bhí ann a raibh na comharthaí "Epstein Files" agus "Prince Andrew Goin to Jail" crochta as.

Dar le duine amháin a chonaic an flóta, rinneadh léiriú sa taispeántas ar ionsaí gnéasach á dhéanamh ar bhean.

Dúirt Mary Jackson ó choiste na paráide i mBaile an Róba gur ghlac an flóta páirt sa pharáid gan choinne agus nach raibh fógra ar bith faighte ag an gcoiste faoi.

Bhí dara cuaird an bhaile le tabhairt ag an bparáid ach cuireadh ar ceal é nuair a tugadh an flóta míchuibhiúil faoi deara, arsa Mary Jackson.

Chuaigh an flóta ar aghaidh go dtí Áth Cinn i gCo na Gaillimhe, 20 ciliméadar ó dheas de Bhaile an Róba, agus ghlac sé páirt sa pharáid ansin chomh maith.

Duirt an comhairleoir contae ó Fhine Gael Andrew Reddington nár iarr aon duine cead an flóta a bheith páirteach sa pharáid sin ach oiread ach thug sé le fios nach iondúil a iarrann lucht flóta ar bith cead.

Dá n-iarrfaí cead sa chás seo, arsa sé, dhiúltófaí scun scan.

Tá an flóta cáinte go láidir ag Clíona Sadlier ón Líonra Éigeandála um Éigniú a dúirt go soilsíonn sé arís eile an fuath ar mhná agus an beag is fiú a dhéantar den fhoréigean gnéasach in Éirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ