Tá praghas gáis ardaithe go suntasach ar fud an domhain i bhfianaise dhá mhórionsaí buamála a rinneadh ar ionaid fuinnimh san Iaráin agus i gCatar.
Inné, rinne aerfhórsa Iosrael ruathar ar an ngáscheantar is mó ar domhan ar chósta thiar theas na hIaráine agus rinneadh an-damáiste don áit dá bhíthin.
I ndíol an ruathair sin, is cosúil, rinne fórsaí míleata na Iaráine ionsaí diúracán ar ionad mór fuinnimh i gCatar.
Tá Shell ar cheann de na comhlachtaí idirnáisiúnta atá bunaithe san ionad sin i gCatar agus tá sé tugtha le fios acu nach ndearnadh an oiread sin damáiste don áit atá acu féin ann.
Ní mó ná sásta atá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump faoi cheachtar den dá ionsaí, de réir dealraimh, agus is léir go bhfuil an t-ardú ar phraghas gáis ag déanamh scime dó.
Thug sé le fios nach raibh a fhios ag na Meiriceánaigh go raibh sé beartaithe ag na hIosraelaigh an gáscheantar san Iaráin a bhuamáil agus dúirt nach ndéanfaidís arís é.
Diomaite de chúrsaí breosla, níl aon deireadh leis an marú.
Tuairsicítear gur maraíodh triúr ban Palaistíneach sa Bhruach Thiar nuair a thit smionagar ó dhiúracán sa mhullach orthu.
Diúracán ón Iaráin a bhí dírithe ar Iosrael a bhí ann ach chuir aerfhórsa Iosrael malairt treo é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


