Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Mí-úsáid próise atá sa chás in aghaidh Gerry Adams' – abhcóide

19 MÁRTA 2026, 20:11

Gerry Adams lasmuigh d'Ardchúirt Shasana
X Facebook

In Ardchúirt Shasana i Londain, dúirt abhcóide iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams gur sháraigh an cás sibhialta in aghaidh a chliaint reacht na dtréimhsí agus dúirt nár chóir cead a bheith tugtha é a thionscnamh a chéaduair.

Is trí bliana a thugtar do dhaoine de ghnáth cásanna mar é a thionscnamh, a dúirt an t-abhcóide Edward Craven, seachas an leathchéad bliain a tugadh do dhuine den triúr a thug an cás seo.

Tá triúr fear ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh Gerry Adams faoi thrí mhórionsaí buamála a rinne an tIRA i Sasana sna 1970idí agus sna 1990idí.

£1 an duine i ndamáistí atá siad a iarraidh as fíorú a maíte.

Líomhnaíonn an triúr gur ball an-sinsearach den IRA ab ea Gerry Adams, líomhain atá séanta go láidir aige go minic.

Is iad an triúr atá i gceist John Clark a gortaíodh i mbuamáil an Old Bailey i Londain ar an 8 Márta 1973; Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Cheantar na nDuganna i Londain ar an 9 Feabhra 1996; agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Mhanchain ar an 15 Meitheamh 1996.

Mhaígh Edward Craven sa chúirt inniu gur lig na fir an cás ar an méar ab fhaide ar fad agus nach ndeachaigh siad ina cheann nó gur thuig siad in 2022 go rabhthas ar shéala reachtaíocht nua a achtú a chuirfeadh cosc ar chásanna mar é a thionscnamh.

Rud eile de, dar leis an abhcóide, níor tugadh mórán fianaise sa chás faoi na hionsaithe buamála iad féin. Thairis sin, arsa sé, éisteadh go leor líomhaintí faoi chúrsaí nár bhain le hábhar.

"Mí-úsáid próise" a bhí ann, a dúirt sé, agus d'iarr sé ar an mBreitheamh Jonathan Swift an cás a chaitheamh amach ar an mbonn sin.

"Tabhair an mhéar is faide air!" a dúirt abhcóide an triúr fear Anne Studd agus í ag trácht ar an iarratas sin.

Dúirt sí go raibh sé thar a bheith éagórach ag abhcóide Gerry Adams an giorria áirithe sin a chur ina shuí ag deireadh an cháis.

Níor ghlac an breitheamh lena maíomh, más ea.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ