Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna de ráig de mheiningíteas i Kent Shasana agus an galar anois ar 29 duine ann.
Deir Áisíneacht Slándála Sláinte na Ríochta Aontaithe go bhfuil cásanna a bhfuil amhras ann futhu gur meiningíteas atá i gceist san áireamh san fhigiúr sin.
As 18 cás atá deimhnithe is Meiningíteas B atá i gceist le 13 cás.
Bhásaigh dalta scoile amháin agus mac léinn ollscoile amháin mar gheall ar an ionfhabhtú agus tá roinnt daoine óga eile i gcóma leis an ngalar.


