Tá Cathaoirleach Shinn Féin i nGaillimh Thiar, Mark Lohan, roghnaithe ag an bpáirtí le seasamh sa bhfothoghchán a bheidh ar bun sa Dáilcheantar, i mí Bealtaine.
Tá suíochán folamh i nGaillimh Thiar ó toghadh Catherine Connolly ina hUachtarán ar an tír, i Mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Tá suíochán ag Sinn Féin sa dáilcheantar cheana fhéin, toghadh Mairéad Farrell ag ceann an chomhairimh san Olltoghchán i 2024.
Tá roinnt iarrthóirí ó pháirtithe eile deimhnithe go dtí seo, cé nach bhfuil iarrthóir roghnaithe ag Fianna Fáil go fóill.
Meastar go roghnófar an duine sin, as seo go ceann cúpla lá.


