Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Votáil 92% in Ollscoil na Ríona i bhfábhar cearta teanga

20 MÁRTA 2026, 18:41

Votáil 92% in Ollscoil na Ríona i bhfábhar cearta teanga
X Facebook

Lá mór é seo do phobal na Gaeilge in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste mar gur vótáil tromlach mór, 92% san iomlán i bhfábhar cearta teanga Gaeilge agus comharthaíocht dhá-theangach a thabhairt ar ais in Aontas na Macléinn san Ollscoil.

As an mbreis agus 5,000 vóta a caitheadh, níor vótáil ach 8% in aghaidh an reifrinn.

Dúirt an Cumann Gaelach san Ollscoil go léiríonn an toradh go bhfuil spéis agus tacaíocht mhór ann don Ghaeilge ar fud champas na hollscoile agus níos faide i gcéin.

Crochadh comharthaí dhátheangacha in Ollscoil na Ríona i 1987 in iarracht caitheamh go cothrom le cultúr na mac léinn náisiúnach.

Ach baineadh anuas iad deich mbliana ina dhiaidh sin mar thoradh ar thuarascáil ón gcomhlacht Capita Management Consultants.

Dúradh ag an am nach raibh na comharthaí dá-theangacha oiriúnach do thimpeallacht neodrach oibre.

Tá feachtas fada ar bun ag Cumann Gaelach na hOllscoile ó shin le cearta teanga a bhaint amach.